Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 26:14

An Bíobla Naofa 1981

Marbh atá siad siúd, agus níl saol i ndán dóibh arís. Scáilí is ea iad, ní éireoidh siad níos mó, mar tá siad smachtaithe scriosta agat agus tá a gcuimhne curtha ar ceal.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Rachaidh gach cuimhne air sa tír ar ceal, Agus ní mhairfidh a thásc ina dhúiche.

Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air, Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh. Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.”

Mar a scaipeann an néal, agus a imíonn sé ar ceal, Sin mar nach bhfillfidh aníos an té a théann síos go Seól.

D'umhlaigh siad ansin do Bhál Peór, agus d'ith siad íobairtí na marbh.

Go ndéantar a shliocht a mhilleadh, agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin.

tá cluasa orthu ach ní chluineann siad smid; ná níl puth anála ina mbeola.

Ná gabhadh an díomasach de chosa orm: ná caitheadh lámh an drochdhuine amach mé. 12b Féach mar a leagadh lucht déanta na hurchóide; tá siad ar lár agus ní fhéadann éirí.

tugann siad sciuird fúm gan peaca de mo thaobhsa. Bí i do dhúiseacht! tar i gcabhair orm agus féach leat!

Lochtaigh tú na ciníocha, dhamnaigh tú na héagráifigh; scrios tú a n‑ainm go brách na breithe.

D'fhuascail an Tiarna clann Iosrael an lá sin ó na hÉigiptigh agus chonaic Iosrael na hÉigiptigh sínte marbh ar an gcladach.

Beidh cuimhne ar an bhfíréan faoi bheannacht, ach lobhfaidh ainm an urchóidigh.

Dar ndóigh, is eol do na beo go bhfaighidh siad bás, ach níl eolas dá laghad ag na mairbh, agus ní mó ná sin atá luach saothair ar bith ann dóibh a thuilleadh, mar tá a gcuimhne imithe i ndearmad ar fad.

Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachana nuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin? Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach? Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?

Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.

beidh cuairt agat ó Thiarna na Slua, le toirneach, le torann agus le fuaim ollmhór, le doineann agus le hanfa agus lasair de thine loiscneach

chaith siad a ndéithe sa tine, óir ní déithe a bhí iontu ach saothar ó lámha daoine, adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin, cuireadh ar ceal iad.

Agus beidh siad á rá libh: “Fiafraígí de na taibhsí agus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil; - cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéithe agus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh,

agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.”

Déanfaidh sibh fónamh ansiúd do dhéithe adhmaid agus cloiche, saothar lámh daonna, nach bhfuil ar a gcumas aon ní a fheiceáil, a chlos, a ithe, ná a bholadh a fháil.

Níor tháinig an t‑anam sa chuid eile de na mairbh nó go raibh an míle bliain istigh. É sin an chéad aiséirí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí