Mar a bheadh spalladh triomaigh ar an bhfásach, ceansóidh tú gleo lucht an díomais; mar a mhúchtar an teas faoi scáth scamaill, cuirfear ceol na mborb ina thost.
Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide, agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin; cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.
Ach tusa, tá tú caite amach as d'uaigh mar bheadh dramhaíl déistineach, ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort, agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró.
Óir is é seo atá an Tiarna a rá liom: “Ón áit a bhfuil mo chónaí, tá mé ag breathnú uaim go socair, le linn loinnir agus ruithne teasa, le ceo drúchta i mbrothall an fhómhair.”
Ullmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta, de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta, ní loiscfear iad le gaoth ná le grian. Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireacht agus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.