Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide, agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin; cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.
Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe, ar nós péisteanna na talún. Tiocfaidh siad amach as a ndúnta agus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia.
Gach bliain tiocfaidh iarmhar na náisiún a rinne ionsaí ar Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh agus chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh.
Agus beidh an Tiarna ina rí ar an domhan go léir; ar an lá sin, ní aithneofar ach an Tiarna amháin mar Dhia agus ní bheidh aon ainm eile in airde ach a ainmsean.
Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas.