Óir d'fhág tú cathracha ina gcarnáin chloch agus bailte poirt ina gconamar. Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach, ní dhéanfar a atógáil arís go deo.
Ní bheidh cónaí ansin níos mó, ná áitreabh ann ó ghlúin go glúin go deo. Ní chuirfidh an tArabach suas a bhoth ann a thuilleadh, ná na haoirí a dtréada ann i gcró.
Beidh a ngnáthóga ag na hainmhithe allta ann, agus beidh a cuid tithe lán d'ulchabháin. Beidh cónaí ar éanlaith an aeir ansin, agus na púcaí ag rince ina lár.
Beidh mic tíre ag glaoch ar a chéile ina hárais, agus na madraí allta ina páláis sháile... Tá a haimsir ar na gaobhair, ní chuirfear a laethe ar cairde.
Tá Eafráim ag dul a dhúnphort a chailliúint, agus an Damaisc a réimeas; caithfear le fuílleach Arám mar a chaithfear le glóir chlann Iosrael. Briathar Thiarna na Slua.
Féach, seo chugainn an marcshlua, na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.” Agus tháinig an freagra ar ais: “Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár, agus dealbha a cuid déithe uile ina smionagar ar talamh.”
óir tá an chathair dhaingean ina fásach, tá sí tréigthe dearóil mar bheadh díthreabh ann. Is ann a thagann an tréad ag iníor, is ann a luíonn siad fúthu agus a chrinneann na craobhacha.
Óir tá an pálás tréigthe, agus torann an bhaile ina thost; beidh cnoc Oifil agus an Port Mór ina bpluaiseanna go deo, réimse macnais do na hasail allta, féarach na dtréad.
An ea nár chuala tú? Fadó riamh a bhí sin leagtha amach agam; sna laethe anallód a bheartaigh mé é, anois tá sé á chur i gcrích agam. Ba é ba chinniúint duitse dúnbhailte a réabadh ina mollta conamair.
Cruinnigh a maoin go léir ar lár a plásóige poiblí agus loisc le tine an chathair agus a héadáil ar fad, á hofráil mar íobairt loiscthe don Tiarna do Dhia; fágtar í ina leachtán go brách, gan atógáil go deo.
Agus chaith siad luaithreach ar a gceann agus ghoil siad go hard ag caoineadh is ag olagón: “Is mairg di, is mairg don chathair mhór, mar ar chruinnigh lucht na loingeas go léir ar muir saibhreas de bharr a rachmais; in aon uair amháin scriosadh í.