Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 25:11

An Bíobla Naofa 1981

agus síneann sé amach a lámha ansin, mar a shíneann snámhadóir amach iad chun snámha. Ach tugann an Tiarna béim síos dá uabhar le gach bang dá ndéanann sé.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Scaoil le fraoch d'fheirge, Ísligh gach uaibhreach le silleadh do shúl.

Labhraíonn sé ansin leo go feargach; cuireann scéin agus sceimhle orthu le corp cuthaigh:

Féach, seo an Tiarna Dia na Slua ag teascadh na ngéag lá huafás. Tá barra na gcrann á ngearradh, agus na bilí is bródúla á leagan.

Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide, agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin; cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.

Is é seo an beart ar cinneadh air in éadan na talún go hiomlán; is í seo an lámh atá sínte amach in éadan na náisiún.

Ach anois deir sé: “I gcionn trí bhliain, ag áireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, beidh maise agus mórgacht Mhóáb ina ndíol tarcaisne d'ainneoin líon a mhuintire, agus beidh a bhfuílleach tearc, tanaí, gan acmhainn.”

Chualamar trácht ar uabhar Mhóáb, uabhar as miosúr, uaillmhian agus borr agus bród, mórtas tóin gan taca.

Imigh leat i measc na n‑ailteanna, gabh i bhfolach sa láib, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.

Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna; ísleofar díomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.

i gcoinne na dtúr ard uile agus na mbábhún crioslaithe uile

Mar a bheadh spalladh triomaigh ar an bhfásach, ceansóidh tú gleo lucht an díomais; mar a mhúchtar an teas faoi scáth scamaill, cuirfear ceol na mborb ina thost.

Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.

Is é sin an fáth a ndáilfidh mé na sluaite air agus roinnfidh sé an chreach leis na tréana, cionnas gur scaoil sé a anam leis an mbás agus gur áiríodh é ar líon na bpeacach, cé go raibh coireanna na sluaite ar iompar aige agus é ag déanamh eadrána ar son na bpeacach.”

Bhí mo lámha sínte amach agam an lá ar fad chuig pobal míréireach agus iad ag dul bealach nárbh fhónta, de réir a dtallann féin,

Chualamar faoi uabhar Mhóáb; tá sé ró-uaibhreach! A leithéid de mhóracht! de dhíomas! d'éirí in airde! de mhóiréis chroí!

Scriosfar Móáb ó bheith ina phobal, mar gur mhéadaigh sé é féin in éadan an Tiarna.

Ach cuirfidh mise Móáb ar ais ina áit féin sna laethanta atá le teacht. Is é an Tiarna a labhraíonn.” Breithiúnas Mhóáb go dtí seo.

“Smachtóidh mise Béil sa Bhablóin agus tógfaidh mé amach as a bhéal an ní a shlog sé. Ní bheidh na náisiúin a thuilleadh ag teacht chuige ina scuaine. Tá balla na Bablóine ar lár.

Lom sé na tiarnais agus na húdaráis, chuir ar taispeáint iad os comhair an tsaoil agus d'ardaigh leis iad i gcaithréim na croise.

Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí