Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 25:10

An Bíobla Naofa 1981

óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo. Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin, mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

Déan leo siúd mar a rinne tú le Midián; le Síseará agus Iábaín cois Chiseon;

Tá Madmaená ag teicheadh, muintir Ghéibím ar a seachnadh.

In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.

Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieise ina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha. Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinín agus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.

Tabharfaidh siad ruathar siar ar shleasa na bhFilistíneach, i gcuideachta a chéile déanfaidh siad slad ar chlann an Oirthir; beidh Eadóm agus Móáb faoina gceannas agus clann Amón ag géilleadh dóibh.

Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”

Ach tusa, tá tú caite amach as d'uaigh mar bheadh dramhaíl déistineach, ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort, agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró.

Ach anois deir sé: “I gcionn trí bhliain, ag áireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, beidh maise agus mórgacht Mhóáb ina ndíol tarcaisne d'ainneoin líon a mhuintire, agus beidh a bhfuílleach tearc, tanaí, gan acmhainn.”

Chualamar trácht ar uabhar Mhóáb, uabhar as miosúr, uaillmhian agus borr agus bród, mórtas tóin gan taca.

Óir is é seo atá an Tiarna a rá liom: “Ón áit a bhfuil mo chónaí, tá mé ag breathnú uaim go socair, le linn loinnir agus ruithne teasa, le ceo drúchta i mbrothall an fhómhair.”

Ullmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta, de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;

cosa na n‑úiríseal agus na mbochtán, siúlann siad orthu ina gcoiscéim.”

Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.

I dtaobh Mhóáb: Is mar seo a deir an Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Is mairg do Neabó, óir tá sé airgthe; gabhadh Ciriataím, níl istigh ann ach mearbhall agus scéin.

Ní ábhar maíte é ag Móáb a thuilleadh! bheartaigh siad a bhriseadh ag Heisbeon: ‘Tagaigí! gearraimis amach é ó bheith ina chine!’ Gearrfar síos thusa freisin, a Mhadmaen, ní fada uait an claíomh.

Na gaiscígh uile a bhíodh agam, tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh; thug sé slua le chéile i m'aghaidh chun mo chuid ógánach a chloí; tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoir ar iníon fhíorógh Iúdá.

“Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí go ndúirt Móáb agus Saeír, féach, tá muintir Iúdá ar aon dul leis na ciníocha eile;

Imlíne na cathrach ocht míle dhéag banlámh agus ainm na cathrach as seo amach: ‘Tá an Tiarna inti.’ ”

Éirigh, a iníon Shíón, agus déan an bualadh. Tabharfaidh mé adharca iarainn agus crúba cré-umha duit chun go mbascfaidh tú mórán ciníocha agus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarna agus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.

Ar an ábhar sin,” a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, “dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodom agus clann Amón mar Ghomorá - dúiche lán neantóg, carn salainn, díthreabh go deo. Creachfaidh fuílleach mo phobail iad agus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.”

Feicim é - ach ní anois é; faighim radharc air - ach ní láimh liom é: Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht; Éiríonn slat ríoga as Iosrael. Bascann sé malaí Mhóáb agus cloigne uile chlann na geona.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí