Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 25:1

An Bíobla Naofa 1981

A Thiarna, is tú mo Dhia; móraim thú agus ceiliúraim d'ainm; mar chuir tú do bheartaíocht iontach i gcrích, comhairle ar cinneadh uirthi fadó riamh, chuir go fíréanta agus go fírinneach.

Féach an chaibidil Cóip

41 Tagairtí Cros  

Tugann sé orainn cuimhneamh ar a éachtaí; is trócaireach grámhar é an Tiarna.

Is tú mo Dhia, gabhaim buíochas leat; móraim thú, a Dhia.

Moltaí Dháiví. 1 Mórfaidh mé thú, a Dhia agus a Rí; agus molfaidh mé d'ainm trí shaol na saol.

Molfaidh mé an Tiarna le mo bheo; molfaidh mé mo Dhia fad a mhairfidh mé.

Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna, deirim: “Is tú mo Dhia.”

Is aoibhinn don té a chuireann a dhóchas sa Tiarna; an té nach gcloíonn le huaibhrigh ná le déithe bréige.

Nach iomaí sin éacht a rinne tú, a Thiarna is mo Dhia! Níl aon neach inchurtha leatsa sna comhairlí a cheap tú dúinn. Dá mb'áil liom a n‑insint nó a n‑áireamh rachadh a gcomhaireamh díom.

Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne: briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna, loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.

Is leat a ghabhaimid buíochas, a Dhia; gabhaimid buíochas leat; agraímid d'ainm agus déanaimid d'éachtaí a fhógairt.

nach cóir iad a cheilt ar a sliocht ach a insint don ghlúin atá le teacht - Móréachtaí an Tiarna agus a chumhacht agus na míorúiltí móra a rinne sé

Mascil Ethan an dúchasach.

Salm. 1 Canaigí amhrán úr don Tiarna, óir rinne sé éachtaí. Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa, rug sé bua dó féin.

Móraigí an Tiarna, ár nDia; umhlaígí i láthair a stóil choise; de bhrí gur naofa é an Tiarna.

An Tiarna mo neart, mo dhán; eisean mo shlánú. Eisean mo Dhia, agus molfaidh mé é. Dia m'athar, agus móraim é!

Is í an chóir bréid cheangail a choime, agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga.

Déarfaidh tú an lá sin: “Tugaim buíochas duit, a Thiarna; bhí fearg ort liom ach tá d'fhearg síothlaithe agus thug tú sólás dom.

A Thiarna, a Dhia linn, bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainn ach ní aithnímid ach tusa feasta, ní aithnímid ach d'ainmse amháin.

Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnas tá muid ag fanacht ort, a Thiarna, is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama.

Ó Thiarna na Slua an méid sin freisin; is iontach é le haghaidh comhairle agus is cumasach a chríonnacht.

Cén fáth a ndeir tú, a Iacóib, agus a maíonn tú, a Iosrael: “Tá mo chinniúint ceilte ar an Tiarna agus mo cheart scaoilte thairis ag mo Dhia”?

Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann, foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill! Deirim: Déanfar mar a bheartaím agus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.

Scairtim ar éan creiche anoir, ar fhear na cinniúna as tír i gcéin. Ní luaithe ráite ná déanta é! Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích!

Agus bhí mise á rá liom féin: “Tá mo shaothar in aisce agam, tá mo neart caite agam gan éifeacht.” Ach bhí mo cheart le fáil agam i bhfochair mo Thiarna, agus mo chúiteamh i bhfochair mo Dhé.

Bhí maise orm i súile an Tiarna, ba é mo Dhia mo neart. Agus anois tá an Tiarna tar éis labhairt, an té a dhealbhaigh mé ón mbroinn i leith i mo ghiolla dó, le go mbailínn Iacób ar ais chuige, le go gcruinnínn Iosrael le chéile dó:

“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.

Ansin dúirt sé: “Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví, an é nach beag daoibh sárú ar dhaoine go gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?

“Íosfaidh sibh bhur ndóthain agus beidh sibh sách. Molfaidh sibh ainm an Tiarna, bhur nDia, a chaith chomh fial sin libh (agus ní náireofar mo phobal arís go deo).

Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag, ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne. An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh, a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?

Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,

agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: “Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha.

Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus b'shiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar Dílis agus Fírinneach, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt.

á rá: “Amen. Beannacht agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus cumhacht agus neart dár nDia go deo deo. Amen.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí