Íseáia 24:5An Bíobla Naofa 1981Tá an talamh truaillithe faoi chosa a cuid áitreabhach, óir sháraigh siad na dlíthe, bhris na reachtanna, choill an conradh síoraí. Féach an chaibidil |
Ach d'éirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór. “Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios.