Is mairg don choróin dhíomasach úd ag pótairí Eafráim, do bhláth feoite a háilleachta agus a huabhair, agus í in airde os cionn an ghleanna mhéith; is mairg don dream sin agus iad dallta le fíon!
Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.
(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”
Is uime seo a chaoinfidh an talamh agus éireoidh na spéartha thuas dubh. Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham, ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”
Tá bóithre Shíón ag caoi mar ní thaithítear a hionad teagmhála; tá a geataí uile bánaithe agus déanann a sagairt osnaíl; bíonn a maighdeana go léir á gcrá. Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi!
Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig.
Tá na páirceanna bánaithe agus an talamh triomaithe; óir, scriosadh an t‑arbhar agus tá an t‑úrfhíon ag dul i ndísc agus tá meath ag teacht ar an ola nua.