Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 24:19

An Bíobla Naofa 1981

Tá an talamh briste ina smionagar, tá an talamh á scoilteadh agus á scáineadh, tá an talamh ag crith agus ag creathnú.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

“An uair a shocróidh mé féin tabharfaidh mé breith de réir an chirt.

Is é sin an fáth a dtiocfaidh ballchrith ar na spéartha, go mbogfaidh an talamh as a áit, le barr buile Thiarna na Slua, sa lá a spréachfaidh a fhearg.

Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.

Tá na sléibhte ar crith roimhe agus na cnoic á leá. Ina láthairsean scriostar an talamh agus an domhan, agus gach duine dá gcónaíonn ann,

Nuair a sheasann sé critheann an talamh. Le leagan a shúl croitear na náisiúin. Bogtar na sléibhte síoraí óna n‑áit; cromann na beanna bithbhuana síos, a sheanbhealaí riamh anall.

Ní raibh ach a dheireadh sin uile ráite aige nuair a scoilt an talamh ar leathadh fúthu,

d'oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad, agus líon a dtithe mar aon leo, agus lucht Chorach, agus a sealúchas uile.

Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”

a ndearna sé le Dátán agus le hAibíorám, clann Eilíáb an Reúbaenach - conas mar a d'oscail an talamh a chraos, ansiúd a gcroílár Iosrael go léir, agus a shlog sé iad féin agus a dteaghlaigh, a mbothanna agus gach ní beo a bhí ina seilbh.

Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.

agus sibh ag feitheamh le teacht lá Dé, agus á bhrostú! tríd sin déanfar na spéartha a scriosadh le tine, agus na dúile a leá le teas.

Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí