Dúirt sé: “Ná bíodh lúcháir ort níos mó, a mhaighdean ar a ndearnadh éigean, a iníon Shíodóine! Dá n‑éireofá agus triall anonn go Citím; thall ansin fiú, níl scíth i ndán duit ach oiread.”
Seo é an fógra a thug an Tiarna uaidh ina choinne: Caitheann sí tarcaisne, caitheann sí achasán leat, an mhaighdean, iníon Shíón; craitheann sí a ceann ar do chúla, iníon Iarúsailéim.
Síos leat! Buail fút sa láib, a mhaighdean, a iníon na Bablóine! Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh, a iníon na gCaildéach! Óir ní thabharfar ort níos mó maoth ná muirneach.
“Abair an briathar seo leo: ‘Sileann deora ó mo shúile de lá agus d'oíche, gan scor, óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire, buille rónimheanta.
Na gaiscígh uile a bhíodh agam, tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh; thug sé slua le chéile i m'aghaidh chun mo chuid ógánach a chloí; tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoir ar iníon fhíorógh Iúdá.
D'imigh Iúdá léi ar deoraíocht chun angar agus daoirse a sheachaint; cónaíonn sí i measc na náisiún ach ní bhfaigheann sí ionad suaimhnis ann; óir, tá an tóir tar éis teacht suas léi mar a bhfuil sí i gcúngrach mór.
“Greadaigí libh, a neamhghlana!” a scairteadh leo, “Greadaigí libh, greadaigí libh, ná bainigí linn!” Theith siad leo chun fáin agus dúradh i measc na náisiún: “Ní féidir leo cónaí anseo níos mó.”
Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.
Agus ní chloisfear a thuilleadh ionat ceol na gcruitirí, ná na gcantairí, ná na bpíobairí ná na dtrumpadóirí. Ní bheidh ceardaí aon cheirde, le fáil ionat a thuilleadh; ná ní bheidh glór an mhuilinn le clos ionat feasta.