Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo, caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar, líonfaidh mo shúile le deora, mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.
Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian. Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh. Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala mé fuaim an stoic agus dreasú an chatha.
Crioslaigh thú féin i sacéadach, ó a iníon mo dhaoine, únfairtigh thú féin i luaithreach, déan olagón mar a dhéanfá ar son aonmhic, caoineadh róghéar. Óir tá an scriosadóir ag teacht go tobann orainn.
Tá mo shúile tnáite le caoineadh agus a bhfuil istigh ionam corraithe cráite; tá mo chroí á reabadh le brón mar gheall ar léirscrios mo phobail ionúin; óir tá naíonáin agus leanaí cíche ag snoí i gcearnóga na cathrach.
Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagón agus a rachaidh mé cosnochta lom agus a mbéicfidh mé ar nós na seacál agus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.
“Chualathas glór i Rámá caoi agus iomad olagóin: Rachael ag caoineadh a clainne, agus nárbh áil léi sólás a ghlacadh mar nach bhfuil siad ann níos mó.”