Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 22:20

An Bíobla Naofa 1981

agus an lá céanna glaoim ar mo sheirbhíseach, Eiliácaím mac Hilciá.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Chuir sé fios ar an rí agus chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá reachtaire an pháláis, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, amach chuige.

Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n‑éidí stróicthe, agus d'inis dó céard a dúirt an príomhchornaire.

Dúirt Eiliácaím, Seabná agus Ióách leis an Ardoifigeach: “Má is é do thoil é, labhair linn do sheirbhísigh in Aramais, óir tuigimid í; ná labhair linn in Eabhrais in éisteacht an phobail atá ar na ballaí.”

Tháinig reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí agus Ióách mac Ásáf an callaire, tháinig siad ar ais i láthair Hiziciá agus a gcuid éadaigh stróicthe acu, agus d'inis dó ar dhúirt an tArdoifigeach.

Chuaigh reachtaire an pháláis Eiliácaím mac Hilcíá, Seabná an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf an callaire, chuaigh siad amach ina airicis.

Chuir sé reachtaire an pháláis Eiliácaím, Seabná rúnaí agus seanóirí na sagart, iad go léir gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí