Brisfidh mé as do phost thú, as d'ionad stróicim thú anuas;
Is ansa leat an t‑olc ná an mhaitheas, an t‑éitheach ná an fhírinne.
Agus tuigfidh gach crann sa pháirc gur mise, an Tiarna, a leagann an crann ard, agus a thógann an ceann íseal, a sheargann an crann glas agus a bhláthaíonn an ceann críon. Mise, an Tiarna; a labhair agus déanfaidh mé beart dá réir.”
Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus d'ardaigh sé daoine ísle;