‘Cén ceart nó cén gnó atá agat anseo go bhfuil tú ag gearradh tuama duit féin ann, ag gearradh amach tuama ar an ard, ag snoí seomra duit féin sa charraig?’
Chuir m'athair faoi bhrí na mionn mé. ‘Táimse ar tí báis,’ ar sé, ‘tá uaigh agam a d'oscail mé féin dom féin i dtír Chanán; ní foláir duit mé a adhlacadh ansiúd.’ Lig dom dul suas mar sin anois, impím ort, agus m'athair a chur. Ansin fillfidh mé.”
Agus é fós ina bheatha, rinne Aibseálóm an gallán atá i nGleann an Rí a roghnú agus a chur ina sheasamh i gcuimhne air féin. “Táim gan mac,” ar sé, “a choimeádfadh cuimhne m'ainm beo.” Bhí a ainm tugtha aige ar an ngallán, agus tugtar Gallán Aibseálóm air go dtí an lá inniu féin.
Chuireadar é sa tuama a d'ordaigh sé a thochailt dó féin i gcathair Dháiví. Leagadar ar chróchar é faoi bhrat spíosraí agus olaí cumhra a ullmhaíodh le healaín an chumhradóra agus d'adhnadar béileach mhór thine ina onóir.
Ach tusa, tá tú caite amach as d'uaigh mar bheadh dramhaíl déistineach, ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort, agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró.
Ach anois cad atá agam anseo? a deir an Tiarna, ó tógadh mo mhuintir ar shiúl saor in aisce agus lucht smachtaithe ag déanamh gaisce, a deir an Tiarna, agus ó mhaidin go hoíche gan stad tá m'ainm á mhaslú.