Ina ionad sin, siamsa atá ar siúl agus sult, mairt á marú agus caoirigh á gcoscairt, feoil á halpadh agus fíon á ól; agus sibh ag ceapadh: “Ithimis agus ólaimis, mar beidh an bás againn amárach.”
Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais, atá i do shuí go te á rá leat féin i do chroí: “Mise, mé féin amháin! Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche, ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.”
Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol, bodhráin agus feadóga, agus fíon a gcuid meisceoireachta. Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi, agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.
“Tagaigí!” a deir siad, “tá mé ag dul a lorg fíona; líonfaimid sinn féin le biotáille, agus beidh an lá amárach mar an lá inniu, lá mór má bhí a leithéid riamh ann!”
“Cad chuige ár dtroscadh mura bhfeiceann tusa é, ár gcrá anama, mura dtugann tú aird air?” Ach bhur laethanta troscaidh bíonn gnóthaí ar siúl agaibh, bíonn sibh ag tromaíocht ar bhur n‑oibrithe go léir.
Ba í seo ciontacht Shodom, do dheirfiúr, agus a hiníonacha: bhí siad díomasach, craosach, tugtha don sámhas, ach níor tháinig i gcabhair ar an mbochtán ná ar an ainniseoir.
Ná déan gairdeachas, a Iosrael, le teann lúcháire ar nós na náisiún! Óir chuaigh tú le striapachas ó do Dhia, agus ar gach urlár buailte arbhair is i dtuarastal striapachais a bhí do dhúil.
Mura mbeadh agam ach aidhmeanna daonna nuair a chuaigh mé ag troid le beithígh allta in Eifeasas, cad é an tairbhe dom é? Más rud é nach n‑aiséiríonn na mairbh “bímis ag ithe agus ag ól mar go mbeidh an bás amárach againn.”