Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 22:10

An Bíobla Naofa 1981

Rinne sibh tithe Iarúsailéim a chuntas, agus leag sibh cuid acu chun an múr a dhaingniú.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Dhaingnigh sé na dúnta agus chuir ceannasaithe iontu agus stórais bhia agus ola agus fíona.

I lár báire, rinne sibh obair idir an dá mhúr faoi choinne uisce na Seanlinne. Ach níor chuimhnigh sibh ar an gCruthaitheoir ná ní fhaca an Té a mhúnlaigh an t‑iomlán fadó riamh.

Bhreathnaigh sibh chomh líonmhar agus bhí na bearnaí i múr chathair Dháiví. Cheap sibh uiscí na Linne Íochtair.

Agus dúirt an Tiarna le hÍseáia: “Seo, gabhaigí in airicis Áchaz, tú féin agus do mhac Seár Iáisiúb, go bun chlais na Linne Uachtair, go bealach Pháirc an Úcaire,

Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael, i dtaobh tithe na cathrach seo agus i dtaobh phálás rí Iúdá atá le scriosadh. In aghaidh mótaí agus pailís

Ionas go mbeidh uamhan ina gcroí agus go dtitfidh mórshlua, tá claíomh ar tarraingt agam ag an uile gheata; é ag drithliú agus faobhar air don ár.

(Níor chuimhin leat an Charraig a ghin thú, agus rinne tú dearmad den Dia a ba athair agat.)




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí