Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 21:15

An Bíobla Naofa 1981

Óir is ón gclaíomh atá siad ag teitheadh, ó fhaobhar an chlaímh, ón mbogha agus é lúbtha, agus ó bhroid an chatha.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ansin, mar a bheadh fia á sheilg, mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh, tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin, agus teithfidh chun a dhúiche féin.

Gach aon a dtiocfar air, sáithfear le scian é; gach aon a mbéarfar air, titfidh sé leis an gclaíomh.

Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.

tá do cheannfoirt uile i ndiaidh a thabhairt do na boinn, ina bpríosúnaigh gan bogha a lúbadh. An chuid is cróga agaibh, tá siad ina bpríosúnaigh, tar éis gur theith siad i bhfad ar shiúl.

Rachaidh an Asaír síos roimh chlaíomh nach ón duine é agus alpfar é le claíomh nach daonna; teithfidh sé ar aghaidh an chlaímh agus déanfar sclábhaithe dá chuid óglach.

Le torann do theacht teitheann na ciníocha, nuair a éiríonn tú, as go brách leis na náisiúin;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí