Bainfear siar as lucht saothraithe an lín, as lucht cardála fós agus lucht fite an éadaigh bháin.
Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ón Éigipt agus ó [Chilicia], agus ghlacadh gníomhairí an rí leo ó Chilicia ar phraghas cinnte.
Rinne Híorám na luaithreáin chomh maith, na sluaistí agus na babhlaí. Chuir sé críoch mar sin leis an saothar go léir a rinne sé do Sholamh rí ar Theampall an Tiarna:
Clann mhac Shéileá mac Iúdá: Éar athair Laecá, Ladá athair Mháiréiseá, finí lucht déanta línéadaigh ag Béit Aisbéa,
Chóirigh mé mo leaba le brait, agus [leath mé uirthi] togha brailliní ón Éigipt.
Ba línéadach mín ón Éigipt, ar a raibh obair bhróidnéirithe, do sheol agus do mheirge ar aon. Ba ghorm corcra do scáthbhrat ó insí Eilíseá.