Íseáia 19:24An Bíobla Naofa 1981Sa lá sin, beidh beannacht ar Iosrael, mar aon leis an Éigipt agus an Asaír, a dtriúr, i lár na talún. Beannóidh Tiarna na Slua iad, á rá: 25 “Bíodh beannacht ar mo phobal, an Éigipt, ar an Asaír, déantús mo lámh, agus ar Iosrael, m'oidhreacht.” Féach an chaibidil |
[A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis! Tugadh clann Dé urraim dó!] A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal; tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht! Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt, agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde. Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha, agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.