Íseáia 19:22An Bíobla Naofa 1981Ansin, má bhuail an Tiarna na hÉigiptigh go crua féin, leigheasfaidh sé iad. Iompóidh siad i leith an Tiarna agus tabharfaidh sé toradh ar a nguí agus leigheasfaidh iad. Féach an chaibidil |
Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna: [Scológa] na hÉigipte agus [ceannaithe] Chúis, muintir Shaba na bhfear mór ard, tiocfaidh siad anall agus rachaidh siad i bpáirt leat; siúlfaidh siad i do dhiaidh agus slabhraí orthu. Sléachtfaidh siad i do láthair, agus guífidh siad thú, á rá: “Faratsa amháin atá Dia, agus níl a leithéid eile ann; níl dia eile ann ach é.”