Dreasóidh mé na hÉigiptigh in éadan a chéile, beidh siad ag troid bráthair in aghaidh bráthar, cara in aghaidh carad, baile in aghaidh baile, ríocht in aghaidh ríochta.
Chuala na náisiúin faoi do náire, líonann an caoineadh duit an talamh; óir thuisligh an gaiscíoch in aghaidh an ghaiscígh, agus thit siad araon in éineacht.”
Ach ná bígí go tromchroíoch! Ná scanraígí le gach scéal a bhíonn á reic ar fud na tíre: iomrá i mbliana, ceann eile an bhliain dár gcionn; tá foréigean in uachtar ar talamh agus cealaíonn tíoránach amháin tíoránach eile.
Óir, roimh na laethanta seo ní raibh luach saothair le fáil ag fear nó ag ainmhí, agus, mar gheall ar a chuid naimhde, ní raibh sábháilteacht ar bith ann do dhuine agus é ag dul i mbun a ghnó; mar bhí mé tar éis an uile dhuine a chur in aghaidh a chomharsan.
Tabharfaidh an deartháir a dheartháir féin suas chun báis, agus an t‑athair a pháiste féin; éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí agus básóidh siad iad.
Bhí a fhios aige cad a bhí ina gcroí agus dúirt sé leo: “Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus níl cathair ná teaghlach a bhíonn ar deighilt ina aghaidh féin a fhéadfaidh seasamh.
Fad a bhí an trí chéad ag séideadh a n‑adharc, chuir an Tiarna claíomh gach duine in aghaidh a chéile sa longfort. Theitheadar go léir chomh fada le Béit Siteá i dtreo Záratán, go himeall Ábael Machólá os comhair Thabát.
Ansin chuir Sól agus an mhuintir a bhí in éineacht leis iad féin in eagar agus chuadar chun an chatha; ansiúd bhí gach duine ag díriú a chlaímh ar a chéile agus bhí sé ina chíor thuathail.