Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 18:2

An Bíobla Naofa 1981

tusa a sheolann do chuid teachtaí uait ar an bhfarraige, ag taisteal in árthaí giolcach ar dhroim na n‑uiscí. Imígí libh, a theachtairí meara, chun cine na scafairí griandaite, chuig an náisiún a raibh eagla rompu riamh anall, cine cumhachtach caithréimeach, sa tír a shileann na haibhneacha.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Chuaigh Ásá amach ina gcoinne agus chuir cóiriú catha ar a shluaite i nGleann Zafátá ag Máraeiseá.

Nárbh arm mór le hiliomad carbad agus marcach iad na Cúisigh agus na Libiaigh? Ach de bhrí gur chuir sibh bhur muinín sa Tiarna, nár tugadh ar láimh daoibh iad?

Sleamhnaíonn siad ar aghaidh mar naomhóga giolcaí, Mar iolar ag teacht de ruathar ar a sheilg.

Nuair a chuaigh di é a choimead faoi cheilt a thuilleadh, fuair sí cléibhín paipíre dó agus chuimil sí bitiúman agus pic de, agus chuir an leanbh ann, agus chuir i measc na n‑eileastram ar bhruach na habhann é.

Ag an am sin tabharfar bronntanais chuig Tiarna na Slua ó chine na scafairí griandaite, ón náisiun a raibh eagla rompu riamh anall, ón gcine cumhachtach caithréimeach sa tír a shileann na haibhneacha; tabharfar iad chuig an áit ina lonnaíonn ainm Thiarna na Slua, ar shliabh Shíón.

Fuair mé teachtaireacht ón Tiarna, seoladh teachta chun na náisiún trí chéile: “Cruinnígí! téigí in aghaidh an phobail seo! Éirígí chun catha!”

“An lá sin rachaidh teachtairí amach uaimse i longa a chur eagla ar na hAetópaigh neamhchúramacha. Tiocfáidh uafás orthu lá na hÉigipte; óir, féach é ag teacht!

Fís Obaidiá. Mar seo a deir an Tiarna faoi Eadóm; tá scéal faoi cloiste againn ón Tiarna, agus tá teachtaire seolta i measc na náisiún. “Suas linn! Ar aghaidh chun catha linn ina choinne!”

Cine uamhnach uafásach is ea iad a dtagann a ndlíthe agus a n‑ardcheannas uathu féin amháin.

Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí