Sa lá sin, beidh do bhailte tréigthe mar a bhí bailte mhuintir [Amór agus Hiv,] a fágadh nuair a bhí clann Iosrael ag teacht. Díthreabh a bheidh iontu,
mar go ndearna tú dearmad ar Dhia do shlánaithe, agus nár choinnigh tú cuimhne ar Charraig do nirt. Óir plandaíonn tú plandáil in onóir d'Adóinis, cuireann tú slapair de chuid na coigríche inti;
Ní bhreathnóidh sé níos mó i leith na n‑altóirí, déantús a lámh féin, ná ní amharcfaidh ar an rud a rinne a mhéara féin, na cuaillí coisricthe agus galláin na gréine.
óir tá an chathair dhaingean ina fásach, tá sí tréigthe dearóil mar bheadh díthreabh ann. Is ann a thagann an tréad ag iníor, is ann a luíonn siad fúthu agus a chrinneann na craobhacha.
éireoidh gleo an chogaidh i measc do mhuintire, agus scriosfar do dhúnta uile, mar a scrios Sealman Béit Arabael lá an chatha, nuair a rinneadh smidiríní den mháthair agus dá clann.
Choimeád tú reachtanna Omraí agus gnásanna uile theaghlach Acháb agus is í a gcomhairle siúd a lean tú. Dá dheasca sin déanfaidh mé fothrach díot agus beidh d'áitritheoirí ina gceap magaidh agus beidh orthu cur suas le maslaí na náisiún.