Níl fágtha ach an cnuasach; amhail nuair a bhuailtear crann olóige, a dó nó a trí de chaora fágtha ar a bharr, a ceathair nó a cúig ar ghéaga an chrainn. Briathar an Tiarna, Dia Iosrael.
Óir dá mb'ionann do phobal, a Iosrael, agus gaineamh na farraige, ní fhillfidh díobh ach fuílleach. Tá a léirscrios socraithe, rud a fhágfaidh an fhíréantacht ag cur thar maoil.
Is amhlaidh sin a bheidh an talamh ar fad, i gcás na gciníocha uile, mar a bhíonn na crainn olóige nuair a chraitear an toradh astu, mar a bheadh deasca na fíniúna agus fómhar an fhíona déanta.
“Dá dtiocfadh robálaithe chugat nó sladairí san oíche - cad é mar scrios a dhéanfaidís ort! - nár leor mar shlad acu a ndóthain féin? Dá dtiocfadh lucht bainte caor, nach bhfágfaidís caora díolama?
Mo léan! Táimse mar a bheinn dá mbeadh na torthaí bailithe agus fómhar na bhfíniúna thart; níl caor ar bith le hithe agus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontu níl ceann díobh ar fáil níos mó.