Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.
Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachana nuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin? Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach? Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?
Tá Eafráim ag dul a dhúnphort a chailliúint, agus an Damaisc a réimeas; caithfear le fuílleach Arám mar a chaithfear le glóir chlann Iosrael. Briathar Thiarna na Slua.
Is amhlaidh sin a bheidh an talamh ar fad, i gcás na gciníocha uile, mar a bhíonn na crainn olóige nuair a chraitear an toradh astu, mar a bheadh deasca na fíniúna agus fómhar an fhíona déanta.
Ó chríocha na cruinne cloisimid iad ag ceol: “Glóir don Fhíréan!” Ach deirimse: “Is leor, is leor sin! Drochrath ar lucht fill a dhéanann feall, ar lucht fill a dhéanann feall go fealltach!”
Mar seo a deir an Tiarna: Mar a sciobann an t‑aoire ó bhéal an leoin dhá chois nó leadhb de chluais, is mar sin a fhuasclófar clann Iosrael a chónaíonn sa tSamáir, agus gan ach cnaiste leapa nó trasnán de chathaoir thoilg slánaithe acu.
Cuirfidh an Tiarna scanradh a n‑anama orthu; mar cuirfidh sé déithe uile an domhain ar neamhní agus sléachtfaidh insí uile na náisiún go talamh roimhe, gach ceann acu ina áit féin.