Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.
Corann agus cornann sé thú i do chorna, agus caitheann i do cheirtlín thú i dtír leitheadach amach. Is ann a gheobhaidh tú bás, agus is ann a fhágfar na carbaid a bhfuil tú chomh teann astu; tusa atá i do chúis náire do theaghlach do thiarna.”
An lá sin, smachtóidh an Tiarna lena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir, Leiviatan, an nathair éalaitheach, Leiviatan, an nathair lúbarnach: maróidh sé dragan na farraige.
Tá a anáil mar thuile in abhainn, a thiocfadh go muineál ar dhuine. Tá sé ag teacht chun na náisiúin a chriathrú i gcriathar an mhillte, chun béalbhach a chuid srianta a chur le giall na gciníocha.
Óir tá a gcinniúint uile curtha ar chrainn aige, is í a lamhsan a roinn a gcuid orthu leis an dorú. Beidh seilbh acu uirthi go deo, beidh siad ina gcónaí inti ó ghlúin go glúin.
Féach, tá na ciníocha mar bheadh braon i mbuicéad aige! níl iontu ach deannach ar an ainsiléad. Tógann sé suas na hoileáin mar nach mbeadh iontu ach dúlagáin.
Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh, ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.
Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu, iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne. Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal, an dream a bhí ag iomaíocht leat.
cuirfidh an Tiarna ag líonadh in bhur gcoinne uiscí tréana domhaine na hAbhann (rí na hAsaíre agus a ghlóir go hiomlán). Sceithfidh sí as a grinneall agus cuirfidh sí thar a bruacha ar fad;
Dá dheasca sin beidh siad cosúil le néal maidine, nó leis an drúcht a imíonn as radharc go luath, nó leis an gcáith a shéidtear chun siúil ó urlár buailte, nó le púir dheataigh a shíobtar an fhuinneog amach.