Ansin, mar a bheadh fia á sheilg, mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh, tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin, agus teithfidh chun a dhúiche féin.
Ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón, agus ón gcathair i dtóin an chumair, ar aghaidh go Gileád, ní raibh cathair thar ár gcumas; thug an Tiarna ár nDia iad go léir ar láimh dúinn.
“Nuair a ghabhamar seilbh ar an bhfearann seo ar aghaidh ó Aroéir i nGleann Arnón an uair úd, thug mé do chlann Reúbaen agus do chlann Ghád leath ardchlár Ghileád lena chathracha.
Ansin ghabhadar tríd an bhfásach agus timpeall ar thír Eadóm agus ar thír Mhóáb nó go rabhadar lastoir de chríocha Mhóáb. Shuigh an pobal a longfort taobh thall den Arnón, gan dul thar theorainn Mhóáb, mar is í an Arnón féin teorainn Mhóáb.