Dúirt Dáiví ansin le Ióáb agus leis na saighdiúirí go léir a bhí ina theannta: “Stróicigí bhur gcuid éadaigh, cuirigí sacéadach umaibh, agus déanaigí caoineadh os comhair Aibnéar.” Shiúil Dáiví i ndiaidh an chróchair.
Nuair a chuala an rí focail na mná, stróic sé a chuid éadaigh; ós rud é go raibh sé ag siúl ar an mballa chonaic an pobal go raibh sacéadach, féach, lena chneas laistigh.
Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;
In ionad an chumhráin, lofacht; in ionad creasa, súgán; in ionad gruaige cóirithe, cloigeann bearrtha, agus mar éide mhaiseach, éadach róin; in áit áilleachta, lorg an iarainn dheirg.
Saileofar tithe Iarúsailéim agus tithe ríthe Iúdá, mar an áit seo, Toifit; na tithe seo uile ar loisc siad túis ar a ndíonta do shlua neimhe uile, agus ar ar dhoirt siad deochanna do dhéithe eile.’ ”
Tá seanóirí iníon Shíón ina suí ar an talamh ina dtost, luaithreach caite ar a gceann acu agus iad gléasta in éadach róin; tá a gceann cromtha go talamh ag maighdeana Iarúsailéim.
Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaí agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile; cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach, agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir. Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh; agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.
“Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach.