Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 14:7

An Bíobla Naofa 1981

Tá an talamh uile ag ligean a scíthe faoi shuaimhneas; gáireann sé amach a racht áthais.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach.

Salm. 1 Canaigí amhrán úr don Tiarna, óir rinne sé éachtaí. Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa, rug sé bua dó féin.

Nuair a ritheann leis na fíréin, bíonn lúcháir ar an gcathair; nuair a scriostar na hurchóidigh, cuirtear na gártha áthais suas.

- is scáfar an fhís a fuair mé - tá fear na creiche i mbun creiche, tá an sladaí ag slad. “Suas leat, a Éalám, suas chun an léigir libh, a Mhéideacha! Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.”

Canaigí le lúcháir, a spéartha, agus déan gairdeas, a thalaimh! a shléibhte, gairigí amach bhur racht áthais! Óir tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir agus ag glacadh trua dá chlann dearóil.

Ansin gairfidh neamh agus talamh agus gach a bhfuil iontu, le teann lúcháire mar gheall ar an mBablóin, óir tá na scriosadóirí ón tuaisceart ag teacht ina héadan - an Tiarna a labhraíonn.

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Bánóidh mé thú, rud a chuirfidh áthas croí ar an tír uile.

Thug siadsan an tuairisc seo d'aingeal an Tiarna a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail, á rá: ‘Táimid tar éis cuairt an domhain a thabhairt agus tá an domhan go léir faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin.’

A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe, bíodh lúcháir oraibh dá barr. Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí