Íseáia 14:6An Bíobla Naofa 1981an té a ghreadadh na ciníocha go fíochmhar le buillí agus le béimeanna, a smachtaíodh na náisiúin le fraoch, á gciapadh gan sos. Féach an chaibidil |
cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.
Go deimhin is go dearfa is fealltach an ní é an [saibhreas]. Duine uaibhreach corrthónach is ea an té a leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól, agus atá chomh doshásaithe leis an mBás, an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uile agus a thiomsaíonn na náisiúin go léir ar mhaithe leis féin.