Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 14:30

An Bíobla Naofa 1981

Ach beidh na bochtáin ag iníor ar mo thailte féaraigh, agus na truáin ag ligean a scíthe go slán sábháilte. Maidir le do shliochtsa, áfach, tabharfaidh mé a mbás le hocras agus maróidh mé a bhfuil fágtha díbh.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Déanfaidh galar a chraiceann a chnaí, Agus céadghin an bháis a ghéaga a chreimeadh.

Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.

Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís, agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,

Tá an Tiarna ag daoradh seanóirí agus prionsaí a phobail. “Is sibhse a chreachann an fíonghort agus a cheileann seilbh an bhochtáin in bhur dtithe.

Cén ceart atá agaibh chun mo phobál a bhascadh, agus aghaidh na mbochtán a bhrú?” Is é sin fáistine Thiarna Dia na Slua.

- beidh a chónaí siúd san aird thuas, dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó, soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.

Beidh sé seo ina chomhartha agat: Íosfar i mbliana grán a d'fhás ar bhranar agus an bhliain seo chugainn a bhfásann as sin arís, ach an tríú bliain, cuirigí síol agus bainigí fómhar, cuirigí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh.

Beidh uain ag iníor mar bheadh siad ar thalamh féaraigh, beithígh bheathaithe agus mionnáin ag innilt i measc na bhfothracha.

Tá an dá olc seo tar éis teacht ort - cé a bheadh ag maíomh do dhóigh ort? Creach agus scrios, claíomh agus gorta, - cé a thabharfadh sólás duit?

Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocras agus leis an ocras tiocfaidh fearg orthu agus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia; ag amharc in airde dóibh

Alpann Manaise Eafráim, agus Eafráim Manaise, agus tá an bheirt acu in éadan Iúdá. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.

Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean in ainm an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí