Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 14:27

An Bíobla Naofa 1981

Ó chinn Tiarna na Slua ar a bheart, cé a leomhfadh a chur ar ceal? Má shíneann sé amach a lámh, cé a thabharfadh air í a tharraingt chuige isteach?

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

agus dúirt: “A Thiarna, a Dhia ár sinsear, nach tusa an Dia a chónaíonn sna flaithis? Nach bhfuil tusa i gceannas ar ríochtaí na gciníocha go léir? Tá a leithéid de chumhacht agus de neart i do lámhasa nach féidir le haon duine cur i do choinne.

Má ghabhann sé thar bráid, agus braighdeanas a chur i bhfeidhm, Nó cúisiú go poiblí, cé a chuirfidh cosc leis?

Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d'fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo? Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é.

An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú, Mise a chur san éagcóir d'fhonn thú féin a chur sa chóir?

Tá a fhios agam gur féidir leat gach ní a dhéanamh, Agus nach bhfuil smaoineamh ar bith caillte ort.

Féach! beireann sé creach leis, agus cé dhéanfaidh é a thoirmeasc? Cé a déarfaidh leis: “Cad tá á dhéanamh agat”?

Maireann comhairle an Tiarna go brách agus a smaointe ó aois go haois.

Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine, ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan.

Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.

Is é Tiarna na Slua a bheartaigh, chun díomas a scéimhe a ísliú, chun toicithe na talún a chaitheamh síos.

ó gheal an lá is mise é. Agus níl aon duine ann a bhogfaidh mo ghreim; déanaimse beart, agus cé chuirfeadh bac orm?

Scairtim ar éan creiche anoir, ar fhear na cinniúna as tír i gcéin. Ní luaithe ráite ná déanta é! Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích!

Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath; focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann, mar tá Dia linne.

Ach níor fhill an pobal ar an té a bhí á bhualadh, níor lorg sé Tiarna na Slua;

Is uime seo a chaoinfidh an talamh agus éireoidh na spéartha thuas dubh. Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham, ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”

Mar sin féin, an uimhir bheag a rachaidh as an gclaíomh fillfidh siad ó chríocha na hÉigipte go tír Iúdá. Agus fuíoll Iúdá uile a chuaigh go tír na hÉigipte chun cónaí ann, aithneoidh siad ansin cé leis na focail a fhíorfar, liomsa nó leosan.

Mar sin éistigí le comhairle an Tiarna atá socair aige in éadan Eadóm, an plean atá beartaithe aige in éadan áitritheoirí Théamán: Sea, tógfar chun siúil fiú an té is laige den tréad, ar a fheiceáil sin dóibh, beidh a dtréad ar ballchrith.

Seo mar a d'ordaigh Irimia fáidh do Sharáiá mac Mhásaeiá nuair a d'imigh seisean don Bhablóin ar ordú Zidicíá rí Iúdá sa cheathrú bliain dá réimeas.

Fágfaidh mé thú i do charraig nocht, i d'ionad triomaithe eangacha; ní thógfar arís thú. Mise, an Tiarna, a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle.

Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí