Chuir an Tiarna aingeal uaidh amach a chuir chun báis na curaidh go léir, agus na ceannairí agus na hoifigigh i gcampa rí na hAsaíre. D'fhill sé agus náire shaolta air, abhaile ar a thír féin. Chuaigh sé isteach i dteampall a dhé, agus threascair cuid dá chlann mhac féin é le faobhar claímh.
Nuair a bheidh a shaothar críochnaithe ag an Tiarna ar Shliabh Shíón agus in Iarúsailéim, smachtóidh sé toradh an díomais i gcroí rí na hAsaíre agus sotal a shúile dána.
Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh, a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós! nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa; nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin.
Marófar thú ar shléibhte Iosrael, tú féin, do shlua uile agus na ciníocha leat. Tabharfaidh mé suas mar bhia thú d'éin chreiche de gach sórt agus d'ainmhithe allta.
Smachtóidh siad tír na hAsaíre le claíomh agus dúiche Niomrod le treise lainne. Fuasclóidh sé sinn ón Asaír má thagann siad isteach inár dtír, fiú má chuireann siad cos laistigh dár gcríocha.
Agus beidh fuílleach Iacóib i measc a lán náisiún mar a bheadh an drúcht a thagann ón Tiarna nó mar bhraonta báistí ar an bhféar glas. Ní chuirfidh siad a muinín as aon fhear; ní bheidh siad ag tnúth le cabhair ó mhuintir an tsaoil seo.
Gabhfaidh siad trí mhuir na hÉigipte agus buailfidh an Tiarna tonnta na farraige dóibh agus rachaidh an Níl ar fad i ndísc. Buailfear an t‑uabhar as an Asaír agus tógfar an ríshlat ón Éigipt.