Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha.
Sínfidh mé an dorú tomhais céanna ar Iarúsailéim agus ar an tSamáir agus an dorú pluma céanna le teaghlach Acháb. Déanfaidh mé Iarúsailéim a sciomradh faoi mar a dhéanfadh duine mias a sciomradh, agus a bhualadh béal faoi tar éis a sciomartha.
Ní bheidh cónaí ansin níos mó, ná áitreabh ann ó ghlúin go glúin go deo. Ní chuirfidh an tArabach suas a bhoth ann a thuilleadh, ná na haoirí a dtréada ann i gcró.
Fáistine i dtaobh an mhachaire cois na farraige. Gairfean chugainn ar nós séideáin ag scuabadh an deiscirt, ag teacht isteach as an bhfásach, isteach as tír an uafáis
Ionsaígí í, an t‑iomlán agaibh le chéile; brisigí agus osclaigí a hiothlanna, cruinnígí an chreach mar charnáin arbhair. Cuirigí faoin mbang í. Ná fágtar aon ní di.
Óir tá cine ag teacht ina haghaidh ón tuaisceart, a dhéanfaidh a tír ina fásach; ní bheidh cónaí ag duine ann feasta; thug siad as, idir dhuine agus bheithíoch, tá siad imithe.
Ansin déarfaidh tú: ‘A Thiarna, tá sé fógraithe agat féin go scriosfar an áit seo, nach ndéanfar cónaí arís ann, ag duine ná ag ainmhí, ach go mbeidh sé ina fhásach go brách.’
Agus luífidh síos ina lár tréada de gach saghas ainmhithe; agus fiú amháin an cág agus an t‑ulchabhán, déanfaidh siad fara dá coirnisí san oíche. Cloisfear a nglaonna ar an bhfuinneog agus grágaíl an fhéich dhuibh ar an tairseach. Óir, tá an obair chéadrais millte.
Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, [agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;