“Éireoidh mé suas ina n‑éadan - briathar Thiarna na Slua - agus teascfaidh mé den Bhablóin a hainm agus a hiarsma. Gan síol gan sliocht a bheidh sí - briathar an Tiarna.
Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha.
Féach, seo chugainn an marcshlua, na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.” Agus tháinig an freagra ar ais: “Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár, agus dealbha a cuid déithe uile ina smionagar ar talamh.”
Is mar seo a deir an Tiarna, bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: “Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin; leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadh agus déanfar olagón dá ngártha caithréime.
Óir tá cine ag teacht ina haghaidh ón tuaisceart, a dhéanfaidh a tír ina fásach; ní bheidh cónaí ag duine ann feasta; thug siad as, idir dhuine agus bheithíoch, tá siad imithe.
Tá an t‑ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh: “Ní bheidh sliocht ort a dtabharfar d'ainm orthu feasta; tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe chun siúil as teampall do dhéithe; ullmhóidh mé uaigh duit, mar is suarach an duine thú.”