Ní bheidh cuid ar bith leo siúd agat san adhlacadh. Óir tá do thír féin scriosta agat, agus do mhuintir díothaithe. Ní bheidh iomrá go deo arís ar ál sin na n‑urchóideach.
Loiscfidh tú iad mar a dhéanfá i mbruithneach thine an uair a thaibhseoidh do ghnúis. Scriosfaidh an Tiarna ina dhíbheirg iad, agus déanfaidh an tine a slogadh.
Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo. Déanfar lucht na héagóra a dhíothú agus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.
Dá nginfeadh duine céad leanbh agus go mairfeadh sé mórán blianta sa chaoi go mbeadh saol fada aige, mar sin féin mura bhfaigheadh sé sásamh aigne as a chuid saibhris agus nach ndéanfaí é a adhlacadh go cóir ar deireadh, deirimse go mbeadh an marbhleanbh níos fearr as na é.
Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta, a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe! Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael, d'iompaigh siad uaidh i leith.
Ina dhiaidh sin féin, tá an Tiarna seiftiúil go leor chun an tubaiste a chur faoi deara freisin; ní dual dó dul siar ar a fhocal, ach éireoidh sé amach in éadan baicle na n‑urchóideach, ina gcoinne siúd a chuidíonn le lucht na míghníomhartha.
Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann; alpann sé driseacha agus sceacha, ansin cuireann sé tine le mothair na foraoise agus téann an deatach in airde ina ghuairneáin.