Ach tusa, tá tú caite amach as d'uaigh mar bheadh dramhaíl déistineach, ár agus coscairt chlaímh sa mhullach ort, agus tú ar chlocha na díge i do chosair chró.
Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Rinne tú dúnmharú; de bhreis air sin tá forlámhas á dhéanamh agat anois. [Ar an ábhar sin] - agus is é an Tiarna a deir é - san áit inar ligh na madraí fuil Nábót, lífidh siad do chuid folasa chomh maith.’ ”
An chuid sin de chlann Acháb a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad, agus an chuid a gheobhaidh bás faoin tuath, íosfaidh éanlaith an aeir iad.”
Dúirt Iéahú le Bidcear a chaptaen: “Tóg é agus caith isteach i ngort Nábót an tIzréileach é. Cuimhnigh nuair a bhí tú féin agus mise ag marcaíocht le chéile ar chúl Acháb, a athair, gur fhógair an Tiarna an bhreith seo air:
Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.
An tobar ar theilg Ísmeáéil corpáin na ndaoine uile a mharaigh sé, ba thobar mór é a thochail Ásá an rí ar eagla Bháiseá rí Iosrael. Lion Ísmeáéil mac Natainiá é leis an drong a maraíodh.
Tá siad curtha i bhfíoríochtar Sheól agus a slua timpeall a huaighe, gach duine acu marbh, arna thitim leis an gclaíomh. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi.
[Luíonn] siad le gaiscígh an tseansaoil, leosan a chuaigh síos go Seól in éide chatha, ar leagadh a gclaimhte faoina gcinn agus a sciatha ar a gcnámha; óir bhí tír na mbeo ar uafás roimh na gaiscígh seo.