Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 14:12

An Bíobla Naofa 1981

Nach breá mar tá tú tite ó na spéartha, a sholas na solas agus a mhic na maidine! Nach breá mar caitheadh anuas ar talamh thú, tusa a mbíodh na ciníocha uile faoi do réir!

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Óir réaltaí neimhe ina mbuíonta, ní chuirfidh siad a solas ag lonrú a thuilleadh; tiocfaidh smúit ar an ngrian ar éirí di, ní thabharfaidh an ghealach a solas níos mó.

tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile. Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla ann agus slua na reann ag feo, mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo, mar dhuilliúr feoite an chrann figí.

Céard seo! Cé mar a briseadh i smidiríní ord buailte sin na talún uile? Céard seo! Cé mar a d'éirigh sé don Bhablóin a bheith ina huafás i measc na náisiún?

Dá mba ea go n‑éireodh an Bhablóin suas chun neimhe, nó dá neartódh sí a dúnfort buacach, ina dhiaidh sin is uile thiocfadh scriosadóirí ar m'ordú anuas uirthi - an Tiarna a labhraíonn.

Ochón! Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur ar iníon Shíón le corp cuthaigh; theilg sé ó neamh go talamh áilleacht Iosrael; níor chuimhin leis stóilín a chos ar lá a chuid díbheirge.

Tógfaidh siad olagón ar do shon agus déarfaidh leat: ‘Níl rian díot fágtha ar na farraigí, a chathair iomráiteach, a bhí láidir tráth ar an bhfarraige, tú féin agus d'áitritheoirí a raibh an tír mhór uile scanraithe agaibh.

Cé go n‑éireofá san aer mar iolar, agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí, theilgfinnse síos as sin thú,” a deir an Tiarna.

Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc.

Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n‑éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí.

Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;

agus tabharfaidh mé dó réalta na maidne.

“Mise, Íosa, a sheol m'aingeal chun na nithe seo a fhógairt daoibh sna heaglaisí. Mise fréamh agus sliocht Dháiví, réalta gheal na maidine.”

Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n‑aibhneacha agus ar na toibreacha fíoruisce.

Ansin shéid an cúigiú haingeal a thrumpa agus chonaic mé réalta a thit chun na talún ó na flaithis agus tugadh dó eochair an phoill duibheagáin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí