Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 13:4

An Bíobla Naofa 1981

Éistigí! Torann ar na sléibhte mar bheadh slua ollmhór ag callán. Éistigí! Búirthíl na ríochtaí agus na náisiún i dtionól. Is é Tiarna na Slua atá ag gairm slógadh chun catha.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Och: búiríl na sluaite ollmhóra, búiríl mar a bheadh búiríl na mórmhara, tuargaint na náisiún ag tuargaint mar a bheadh tuargaint an lán mara.

Bailigí go léir le chéile agus éistigí; cé acu a d'inis na rudaí seo roimh ré? “Déanfaidh fear mo pháirte rud orm i gcoinne na Bablóine agus sliocht na gCaildéach.”

Déanfaidh sé comhartha do náisiún i gcéin, ligfidh fead air ó imeall an domhain, agus seo chugainn é go héadrom agus go huallach.

Beifear ag búiríl ina éadan an lá sin mar bheadh búiríl na farraige ann. Beifear ag breathnú na tíre: dorchadas, duainéis, agus an solas ag dul faoi smúit agus faoi ghruaim.

‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tógfaidh mé ar ais na hairm chogaidh atá in bhur lámha anois, lena dtroideann sibh in aghaidh rí na Bablóine agus na gCaildéach a shuíonn mórthimpeall oraibh anois taobh amuigh de na ballaí; déanfaidh mé carn díobh i lár na cathrach seo.

An rud a thairngir Irimia in aghaidh na gciníocha uile. (“Óir cuirfear iad seo i ndaoirse; mar an gcéanna do chiníocha cumhachtacha agus do ríthe móra, agus cúiteoidh mise leo de réir a ngníomhartha agus de réir oibreacha a lámh féin.”)

Tabharfaidh mé daoibh a dhá oiread den mhéid a d'ith an lócaiste agus an preabaire agus an scriostóir agus an gearrthóir, m'arm mór a chuir mé in bhur n‑aghaidh.

Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánna bás agus doilíos agus gorta, agus loscfar í le tine. Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí