Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.
- is scáfar an fhís a fuair mé - tá fear na creiche i mbun creiche, tá an sladaí ag slad. “Suas leat, a Éalám, suas chun an léigir libh, a Mhéideacha! Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.”
Mhúscail mé as an Tuaisceart é agus tháinig sé, ghlaoigh mé air as an Oirthear ina ainm. Shatail sé ar mhaoir chúige mar a bheadh láib iontu, mar a dhéanfadh potaire a chuid cré a phasáil.
Óir tá cine ag teacht ina haghaidh ón tuaisceart, a dhéanfaidh a tír ina fásach; ní bheidh cónaí ag duine ann feasta; thug siad as, idir dhuine agus bheithíoch, tá siad imithe.
troideann siad le bogha agus ga; tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d'aghaidhse, a iníon na Bablóine.
Féach, táimse ag déanamh comhcheangail de náisiúin mhóra in aghaidh na Bablóine. Tiocfaidh siad ón tír thuaidh, cuirfidh iad féin in ordú ina héadan; tógfar i láimh ansin í; tá a saigheada amhail trodaire caithréimeach; ní fhilleann aon cheann acu go díomhaoin.
Bioraigí na saigheada, líonaigí na bolgáin! “Mhúscail an Tiarna spiorad rí na Méideach, óir tá plean aige in aghaidh na Bablóine, á milleadh; seo é díoltas an Tiarna, a chúiteamh mar gheall ar a Theampall.