Ansin, mar a bheadh fia á sheilg, mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh, tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin, agus teithfidh chun a dhúiche féin.
Ansin labhair Míocáia: “Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte, mar chaoirigh gan aoire. Agus dúirt an Tiarna: ‘Níl máistir orthu seo; téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.’ ”
Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.
Sin agat anois do lucht draíochta, lenar chaith tú do dhua ó d'óige i leith! Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe, gan de chumas iontu tú a shábháil.
(Ach nuair a bheidh an seachtó bliain istigh, gearrfaidh mé pionós ar rí na Bablóine agus ar an gcine sin - an Tiarna a labhraíonn - san éigeart a rinne siad, agus pionós ar thír na gCaildéach freisin, agus déanfaidh mé fásach síoraí di.)
Tóg ón mBablóin an síoladóir, agus fear an chorráin san fhómhar. Éalaígí ón gclaíomh millte, déanadh gach duine ar a dhaoine féin, teitheadh gach fear dá dhúiche féin.
‘Thugamar faoi leigheas na Bablóine; ach níor tháinig uirthi biseach. Ligigí di agus téanaimis, gach fear againn, dá thír féin.’ Sea, sroicheann a breithiúnas go neamh; ardaítear é chun na spéartha.
Faraor! Cad é mar a chodlaíonn do chuid aoirí, (a rí na hAsaíre)! Cad é mar atá do laochra i dtoirchim suain! Tá do mhuintir scaipthe ar na sléibhte agus níl aon duine ann chun iad a chruinniú arís.
Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.