Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide, agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin; cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.
Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.
Cuirigí eirleach in áirithe dá chlann mhac i gcúiteamh ar mhírún a n‑athar. Ná héirídís go deo arís chun an domhan a ghabháil ina seilbh, chun aghaidh na talún a chlúdach lena líon.
Fuair mo chluasa an foilsiú seo ó Thiarna na Slua: “Ní dhéanfar sásamh sa pheaca seo go deo, go dtí go bhfaighe sibh bás,” a deir an Tiarna Dia na Slua.
Mar a bheadh spalladh triomaigh ar an bhfásach, ceansóidh tú gleo lucht an díomais; mar a mhúchtar an teas faoi scáth scamaill, cuirfear ceol na mborb ina thost.
Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.
a n‑urchóidí féin agus urchóidí a n‑aithreacha, an t‑iomlán le chéile, a deir an Tiarna, an dream a bhíodh ag dó túise ar na sléibhte agus ag tabhairt mo dhúshlán ar na cnoic. Díolfaidh mé an comhar leo go huile agus go hiomlán.