Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 12:6

An Bíobla Naofa 1981

Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

40 Tagairtí Cros  

Is é seo áit mo shuaimhnis go brách; bainfidh mé fum ann óir is ann atá mo thaitneamh.

Moladh leis an Tiarna as Síón; tá cónaí air in Iarúsailéim!

Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé, ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.

Is maorga na sléibhte iad sléibhte Bháiseán; is sléibhte beannacha iad sléibhte Bháiseán.

Déanfaidh mé ceol duit ar an gcláirseach, dá bhrí sin, as ucht do dhilghrá dom, a Dhia. Seinnfidh mé freisin ar an gcruit duitse, a Neach Naofa Iosrael.

Is tú, a Thiarna, dealramh a gcumhachta; agus is trí do chaoinchineáltas a ardaítear ár neart.

Cuireann do lucht aitheantais a ndóchas ionat óir ní thréigeann tú do lucht iarrtha, a Thiarna.

Is mór é an Tiarna i Síón; tá sé i réim os cionn na gciníocha uile.

Ar an ábhar sin, is í seo fáistine Thiarna Dia na Slua, Neach Láidir Iosrael: “Ha! beidh an ceann is fearr agam ar mo chéilí comhraic, bainfidh mé sásamh as mo naimhde.

Is é sin an fáth a labhraíonn Tiarna na Slua mar seo: “A phobal liom, a bhfuil do chónaí i Síón, ná bíodh eagla ort roimh an Asaír a bhuaileann thú le bata, agus a thógann an tslat i do choinne.

Gáireann daoine amach in ard a gcinn, liúnn siad le barr áthais; canann siad mórgacht an Tiarna ó chois na farraige thiar.

Beidh náire ar an ngealach, agus ceann faoi ar an ngrian, óir déanfar rí de Thiarna na Slua ar shliabh Shíón in Iarúsailéim agus foilseofar a ghlóir i láthair a sheanóirí.

Sea, a phobal Shíón, a bhfuil cónaí ort in Iarúsailéim, ní bheidh tú ag gol níos mó. Maithfidh sé duit ar chloisteáil do chaoineadh dó, agus tabharfaidh sé toradh air ar an toirt.

Is ann is álainn don Tiarna inár bhfianaise, ceantar aibhneacha agus sruthán craobhach, mar nach dtriallann soitheach rámha ar bith, mar nach seolann aon árthach arrachtach;

Níl áitreabhach a déarfaidh choíche arís: “Tá mé breoite”; an pobal a lonnóidh ann, maithfear dóibh a gcionta go léir.

Suas leat ar shliabh ard, a challaire an dea-scéala chuig Síón. Ardaigh do ghlór go láidir, a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim. Ardaigh do ghlór gan eagla, abair le bailte Iúdá: “Seo é bhur nDia.”

Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna - is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.

Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad, cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu. Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna, beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael.

Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin, beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann. Agus beidh a fhios ag an uile fheoil gur mise an Tiarna do Shlánaitheoir, agus gurb é d'fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib.

Gáir le háthas, a bhean aimrid nár shaolaigh clann; bris amach i ngártha áthais agus lúcháire, tusa nach raibh i bpriacal riamh! Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe ná clann na mná céile, a deir an Tiarna.

Diúlfaidh tú bainne na gciníocha, diúlfaidh tú saibhreas na ríthe. Agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna is slánaitheoir duit, gurb é Neach Tréan Iacóib d'fhuascailteoir.

Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.

Níl aon duine cosúil leatsa, a Thiarna; tá tú mór, agus is mór é d'ainm i gcumhacht.

“De bhrí go ndúirt tú: ‘Is liomsa an dá chine agus an dá thír seo: rachaimid ina seilbh san áit ina mbíodh an Tiarna.”

Féachfaidh mé chuige go n‑aithneofar m'ainm naofa i measc mo phobail, Iosrael; agus ní cheadóidh mé níos mó m'ainm naofa a thruailliú. Tuigfidh na ciníocha gur mise an Tiarna, an Neach Naofa in Iosrael.

Dúirt sé liom: “A mhic an duine, is é seo suíomh mo ríchathaoireach, an áit ar a leagfaidh mé boinn mo chos. Cónóidh mé anseo i lár chlann Iosrael go brách. Muintir Iosrael agus a ríthe ní thruailleoidh siad m'ainm naofa choíche arís, lena striapachas agus le conablaigh a ríthe,

Imlíne na cathrach ocht míle dhéag banlámh agus ainm na cathrach as seo amach: ‘Tá an Tiarna inti.’ ”

Ar aon teorainn le Iúdá, anoir siar, tá roinn a chuirfidh sibh ar leataobh, cúig mhíle banlámh is fiche ar leithead agus ar aon fhad leis na ranna eile anoir siar. Beidh an sanctóir i lár báire.

Ní ligfidh mé amach ort mo racht feirge; ní scriosfaidh mé Eafráim go deo, óir ní duine mé ach Dia. In bhur measc is mé an Té is naofa, agus ní thiocfaidh mé chugaibh le teann feirge.

Beidh a fhios agaibh go bhfuilimse i lár Iosrael. Is mise an Tiarna, bhur nDia, agus níl aon Dia eile ann ach mé. Ní náireofar mo phobalsa arís go deo.

Mairg daoibh, a áitritheoirí chósta na farraige, a chine na gCréiteach. (Tá briathar an Tiarna in bhur n‑aghaidh.) Ísleoidh mé thú, a dhúiche na bhFilistíneach! Millfidh mé thú sa chaoi nach bhfágfar aon áitritheoir ar bith ionat.

D'ardaigh mé mo shúile agus chonaic mé fís eile. Is amhlaidh a bhí fear a raibh dorú tomhais ina láimh aige le feiceáil agam.

‘Óir beidh mise thart timpeall uirthi mar bhalla tine,’ a deir an Tiarna, ‘agus beidh mé mar ghlóir di ina lár.’ ”

Ní fhaca mé urchóid in Iacób. Níor luigh mé súil ar chruatan in Iosrael. Tá an Tiarna a nDia faru,

“Ná tabhair suas dá mháistir daor a d'éalaigh uaidh agus a tháinig chugat.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí