Ansin is ea a chan Maois agus clann Iosrael an laoi seo leanas in onóir an Tiarna: “Canfaidh mé don Tiarna; rug sé an bua le barr glóire! Chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.
Suas leat ar shliabh ard, a challaire an dea-scéala chuig Síón. Ardaigh do ghlór go láidir, a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim. Ardaigh do ghlór gan eagla, abair le bailte Iúdá: “Seo é bhur nDia.”
Canaigí don Tiarna amhrán úr! Moladh leis ó cheann ceann na talún! Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann, insí na farraige agus a muintir go léir!
Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór, agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar! Tógadh muintir Charraig Sheala liú agus gártha ar mhullach na mbeann!
A spéartha, liúirígí le háthas, mar tá an Tiarna i mbun gnímh. Scairtigí amach, a dhuibheagáin na talún! A shléibhte, ceolaigí le háthas, agus tusa freisin, a fhoraois, agus gach crann atá ionat! Óir tá an Tiarna tar éis Iacób a scaoileadh saor agus a ghlóir a fhoilsiú in Iosrael!
Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.
agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: “Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha.