Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.
agus dúirt na Léivítigh Iéisiúa, Caidmíéil, Báiní, Haisibniá, Séiribiá, Hóidíá, Seabainiá agus Patachiá: “Éirígí agus beannaígí an Tiarna bhur nDia trí shaol na saol. Moladh leat, a Thiarna ár nDia, Trí shaol na saol! Moladh le d'ainm glórmhar A sháraíonn gach moladh agus móradh.
Agus d'fhreagair sé: “Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m'ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom.
A Thiarna, is tú mo Dhia; móraim thú agus ceiliúraim d'ainm; mar chuir tú do bheartaíocht iontach i gcrích, comhairle ar cinneadh uirthi fadó riamh, chuir go fíréanta agus go fírinneach.
Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh! Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala; craolaigí é go críocha na talún. Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt!
Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.
“Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’
Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.