Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta, ní loiscfear iad le gaoth ná le grian. Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireacht agus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.
Mar rinne mo phobalsa coir dhúbalta: thréig siad mise, foinse an uisce bheo, agus thochail siad dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.
Aon áit a sileann an abhainn mairfidh gach dúil bheo a chorraíonn inti agus beidh flúirse éisc ann; de bhrí go mbíonn sláinte aon áit a dtéann an t‑uisce agus go mbíonn an t‑anam i ngach dúil aon áit a sileann an abhainn.
Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.
Óir, an tUan atá i lár baill ag an ríchathaoir, is é a bheidh mar aoire acu, agus treoróidh sé iad go toibreacha na beatha; agus glanfaidh Dia an uile dheoir dá súile.”
Ansin ghuigh Hanná mar leanas: “Tá mórtas croí orm sa Tiarna. Cuireadh breis le mo neart sa Tiarna. Tá mo bheola ag déanamh fonóide faoi mo naimhde, Mar gur lúcháir liom do chumas slánaithe.