Tá an mac tíre ina chónaí leis an uan, an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair; tá an gamhain agus an coileán leoin ar marthain in éineacht agus gasúr óg á mbuachailleacht.
Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal, agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin. Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
Beidh an mac tíre agus an t‑uan ag iníor le chéile, íosfaidh an leon cochán ar nós na mart, agus beathóidh an nathair í féin le deannach. Díth ná dochar ní dhéanfar níos mó ar mo shliabh beannaithe ar fad, a deir an Tiarna.
Déanfaidh mé conradh síochána leo agus díbreoidh na hainmhithe allta ón tír, ionas gur féidir leo cur fúthu gan bhaol san fhásach agus codladh sna coillte.