Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 10:6

An Bíobla Naofa 1981

In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.

Féach an chaibidil Cóip

38 Tagairtí Cros  

Meilim iad chomh mín le smúit na talún, pasálaim is brúim iad mar a bheadh láib na sráideanna.

Agus thairis sin, an bhfuilimse tagtha aníos chun an áit seo a ionsaí agus a scrios gan barántas ón Tiarna? Dúirt an Tiarna féin liom: Gluais i gcoinne na tíre sin agus déan é a scrios.’ ”

Beidh dúiche Iúdá ina hábhar uamhain ag an Éigipt. Gach uair a luafar leo í, tiocfaidh eagla orthu de bharr na seifte atá ceaptha ag Tiarna na Slua ina gcoinne.

Óir lá trioblóide agus treascartha agus tranglaim atá chugainn, agus is é an Tiarna Dia na Slua faoi deara é. Sa ghleann sin Hionnom tá ballaí á leagan, táthar ag scairteadh ar chabhair ar an sliabh.

Tá an talamh truaillithe faoi chosa a cuid áitreabhach, óir sháraigh siad na dlíthe, bhris na reachtanna, choill an conradh síoraí.

Deir an Tiarna: “De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu,

Óir bíonn an t‑amadán ag stealladh amaidí agus a chroí ag meabhrú an oilc, chun an urchóid a chur i gcrích, chun labhairt go hiomrallach faoin Tiarna, chun an t‑ocrach a fhágáil agus a bholg folamh agus deoch a dhiúltú don té a bhfuil tart air.

Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh, a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós! nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa; nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin.

Tá uamhan ar na peacaigh i Síón, tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha. Iad ag fiafraí: “Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo? Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?”

Mhúscail mé as an Tuaisceart é agus tháinig sé, ghlaoigh mé air as an Oirthear ina ainm. Shatail sé ar mhaoir chúige mar a bheadh láib iontu, mar a dhéanfadh potaire a chuid cré a phasáil.

Tá lucht d'atógála chugat faoi dheifir, agus lucht do scriosta agus do chreachta ag imeacht asat amach.

Is ea, ach seo é freagra an Tiarna: Bainfear a phríosúnach den ghaiscíoch féin, déanfar creach an aintiarna a tharrtháil! Troidfidh mise lena dtroidfidh leat, agus sábhálfaidh mé do chlann orthu.

Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.

Búirthíl leoin bhaininn atá aige, agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann; ligeann sé glam agus beireann ar a chreach, ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de.

Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anois cad tá mé chun a dhéanamh le m'fhíonghort: an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach, an balla a leagan chun go satlófar air.

- Phasáil mé an chantaoir i m'aonar; duine de mo mhuintir ní raibh in éindí liom. Mar sin shatail mé orthu agus mo racht feirge orm, agus shiúil mé orthu i gcuthach dom; steall súlach a gcroí ar mo chulaith agus smálaigh mo chuid éadaigh ar fad.

Bhasc mé na ciníocha le cuthach, shatail mé orthu le teann feirge, agus sceith mé a súlach amach ar an talamh.

Tabharfaidh an Tiarna ort féin agus ar do phobal agus ar theaghlach d'athar laethe nár tháinig a leithéid ón am a scar Eafráim le Iúdá (rí na hAsaíre).

óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ‘daidí’ na ‘mamaí’ a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.”

beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá, agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál, agus beidh a sciatháin spréite thar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.”

Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann; alpann sé driseacha agus sceacha, ansin cuireann sé tine le mothair na foraoise agus téann an deatach in airde ina ghuairneáin.

Gearrann siad ar dheis, agus tá ocras orthu fós; slogann siad ar chlé, agus níl siad sásaithe, gach aon ag alpadh feoil a chomharsan.

cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.

Níos measa ná seo uile: níor fhill a deirfiúr fhealltach Iúdá orm ó chroí ach go bréagach - is é an Tiarna a labhraíonn.”

Éist, ordóidh mise é - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh mé orthu teacht ar ais go dtí an chathair seo, í a ionsaí, a ghabháil agus a dhó go talamh. Déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.’ ”

Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?

Tá mé ag tabhairt tír na hÉigipte dó mar luach a shaothair de bhrí gur oibrigh sé ar mo shonsa - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Ar mhaithe le héadáil agus creach a bhreith liom ionsóidh mé na háiteanna fásaigh a bhfuil cónaí ar dhaoine arís iontu, an mhuintir seo a tháinig le chéile ó na ciníocha, a tháinig i seilbh eallaigh agus earraí, a chónaíonn i gceartlár an domhain.

Seabá agus Déadán, ceannaithe Thairsís agus a gcoileáin leon uile, fiafróidh siad díot: ‘An ar lorg creiche a tháinig tú? Ar thionóil tú na sluaite le héadáil a ghlacadh, le hairgead agus ór a bhreith leat, le heallach agus earraí a sciobadh agus creach mhór a ghabháil?’

Feicfidh mo namhaid é seo agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa: “Cá bhfuil do Dhia?” Bainfidh mé lán na súl aisti; gabhfar de chosa inti anois mar lathach na sráideanna.

Nach bhfuil tú ann riamh anall, a Thiarna, A Dhia liom, m'Aon Naofa, nach bhfaigheann bás choíche? Tá an pobal seo ceaptha agat ar son an chirt; chuir tú ar bun é, a charraig, chun díoltas a imirt.

I dteannta a chéile beidh siad mar laochra a shatlaíonn ar lathach na sráideanna sa chath. Fearfaidh siad cogadh, mar tá an Tiarna leo, agus an dream a bhíonn ag marcaíocht ar chapaill, cuirfear raon maidhme orthu.

A bhréagchráifeacha, is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibh nuair a dúirt:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí