Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 10:28

An Bíobla Naofa 1981

tá sé ag teacht thar Áiat, ag dul trasna Mhigreon; i Micmeás tá a scuaine iompair fágtha i loc aige.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Chuir cuid de shliocht Bhiniáimin fúthu i nGeba, i Micmeas, in Avá, i mBéitéil agus ina shráidbhailte,

beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá, agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál, agus beidh a sciatháin spréite thar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.”

Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna], óir d'aimsigh sé Iúdá agus bhain sé amach geata mo phobail agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.

Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: “Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.” Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.

D'iompaíodar dá bhrí sin agus d'imíodar leo, agus [na mná], na miondaoine, an t‑eallach, agus an chreach rompu amach acu.

Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin.

Thionóil na Filistínigh tríocha míle carbad, sé mhíle marcach, agus slua chomh líonmhar le gaineamh na trá chun troda in aghaidh Iosrael. Thángadar aníos agus shuíodar a gcampa i Micmeáis lastoir de Bhéit Ávan.

Bhí Sól in imeall Ghibeá, ina shuí faoin gcrann pomagránaite atá [ag an urlár buailte]. Bhí timpeall sé chéad fear ina chuideachta.

Phleancadar na Filistínigh an lá sin ó Mhicmeáis go hAiálón nó go raibh an pobal tnáite traochta.

Tá an chéad splinc ag gobadh amach ar an taobh thuaidh os comhair Mhicmeáis, agus an dara ceann laisteas os comhair Gheaba.

D'fhág Dáiví a aistrithe faoi chúram gharda an bhagáiste, agus rith go dtí an líne chatha agus tháinig chun a dheartháireacha ag cur a dtuairisce.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí